Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceannaí mór do chaill sparán go raibh dhá chéad punt ann. Thairg sé deich bpunt don té a gheobhadh é agus a thabharfadh thar n-ais chuige é. Duine bocht a fuair an sparán agus a thug do é. Bhí ana-leisce ar an gceannaí ansan na deich bpuint a thabhairt uaidh mar bhí sé sprionlaithe. Chuir sé éitheach ar an bhfear mbocht. Duairt sé go raibh bonn óir sa sparán nuair a chaill sé é agus gur ghoid an fear eile é. Duairt an fear bocht ná raibh a leithéid ann agus thug sé an ceannaí i láthair an bhreithimh, toisc míchlú do thabhairt air féin.
Do cheistigh an breitheamh iad agus ní fada gur aithin sé ar a gcaint cé bhí ag insint na fírinne. Thug sé a bhreith mar seo:- “An sparán a chaillis-se, bhí bonn óir ann ?” “Bhí, dar ndóigh,” ar sé agus áthas air gur chreid an breitheamh a scéal féin. “Agus an sparán a fuairis-se,” arsa an breitheamh leis an bhfear mbocht, “ní raibh aon bhonn óir ann. Dá bhrí sin ní féidir gurb é sparán do chaill an ceannaí a fuairis-se, ach sparán do chaill duine éigin nách fios cé hé.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gobnait Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Carraig na Damhaire, Co. Chorcaí