Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín aimsire ag obair i dtigh feirmeora uair. Ní miste a rá ná go mbíodh sí ag obair go dian gach lá ó Luan go Satharn agus nuair a thagadh an oíche féin ní leogfaí dhi stad mar chaitheadh sí prátaí do bheiriú do mhucaibh.
An fhaid a bhíodh na prátaí ag beiriú aici do thiteadh a codladh uirthi. Bhíodh an solas ar lasadh agus í ’na codladh agus bhíodh ionadh ar na daoine lasmuigh go mbíodh solas le feiscint i dtigh an fheirmeora so gach oíche. Thosnaigh na daoine go léir ag caint mar gheall air. Duairt cuid acu gur duine éigin a bhí breoite, duairt duine eile gurb í an cailín a bhíodh in éineacht leis na púcaí.
Do leath an ráfla amach agus do ghearán buachaill éigin leis an sagart é.
Tháinig an sagart ag triall ar an gcailín agus d’fiafraigh sé dhi cad fé ndeár an solas. D’innis sí do go mbíodh uirthi fanúint suas gach oíche. Chuir sé tuairisc ansan uirthi(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peigí P. Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Na Curraithe, Co. Chorcaí