Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Peigí Ní Mhuimhneacháin, Carraig. Aois – Dhá bhliain déag
23-3-’38
Béaloideas – Scéal
Bhí fear ann fadó agus d’imigh sé go dtí an t-aonach lá chun bó agus gamhain do dhíol. Nuair a bhí an t-aonach i leataoibh agus gach rud díolta aige ghluais sé abhaile ar mhuin a chapaill.
Nuair a bhí sé díreach ar an mbóthar thug sé fé ndeara go raibh crú ag titim don chapall agus gur oir tairne dho, ach duairt sé leis féin nárbh fhiú puinn aon tairne amháin agus go ndéanfadh sé an gnó go raghadh sé abhaile.
Tar éis leath slí a chur de do stop sé ag tigh chun suipéir d’ithe. Duairt fear a’ tí leis go raibh crú caillte aige, ach duairt sé nárbh fhiú puinn aon chrú amháin agus go ndéanfadh sé an gnó go raghadh sé abhaile. Ghluais sé air mar theastaigh uaidh bheith sa bhaile sara mbeadh an oíche ann. Leis an rith do thit an capall agus bhris sé a chos.
Chaith sé an capall ’fhágaint ar thaobh an bhóthair agus siúl abhaile. Chaith sé dul trí choill mhór. Do bhuail beirt bhithiúnach uime agus dheineadar é a robáil agus thugadar batráil do agus ní raibh leathphingin sa tsaol aige ansan. Sin a bhí dá bharr aige nuair ná cuirfeadh sé aon tairne ar an gcrú sarar thosnaigh sé.- Bailitheoir
- Peigí Ní Mhuimhneacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Charraig, Co. Chorcaí