Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Máire P Ní Chróinín, Goirtín Fliuch. Aois – Trí bliana déag
4-7-’38
Béaloideas – Scéal
Bhí rí ann fadó agus ní raibh ach aon iníon amháin aige. Nuair a tháinig sí in aois pósadh ní shásódh aon fhear í. D’airigh buachaill é, a bhí ’na chónaí thiar i mBaoi Bhéarra, agus duairt sé go mbuailfeadh sé féin féna déin. Do cheannaigh sé culaith nua éadaigh agus leathdosaen haincisiúirí síoda. Chuaigh sé féna déin ansan agus bhí sé ag siúl síos suas an bóthar lasmuigh den tigh.
Bhí an cailín laistigh den fhuinneoig ag féachaint air. Tharraigíodh sé amach ceann dos na haincisiúirí síoda anois agus arís agus chimilíodh sé dá shróin é; ansan chaitheadh thar a ghualainn é. Cheap an cailín ina haigne féin go ndéanfadh sé sin an gnó mar go raibh sé ana-shaibhir, gan amhras. Nuair a tháinig sé isteach ar lorg na hiníne duairt sí go bpósadh sí é. Bhí pósadh mór acu ar feadh seachtaine agus do thóg sé leis abhaile í. Shíl sí, gan dabht, go mbeadh cúirt mhór roimpi agus ina hionad san ní raibh ann ach botháinín ag bun carraige.
Nuair d’fhiafruigh a hathair dá iníon i dtosach cad as go dtáinig sé, duairt sí gur mac do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire P. Ní Cróinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Goirtín Fliuch, Co. Chorcaí