Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín bocht ag cur a slí dhi oíche dhorcha. Ní raibh bróg ná stoca ar chois léi agus bhí an drochbhóthar ag gabháil go cnámh trína bonnaibh clogaithe. Ní raibh tigh ná treabh i gcomhair na hoíche aici agus bhí sí chomh tuirseach ó shiúl an lae gur chaith sí í féin i lúib an bhothair chun fanúint ann go maidean. Chonaic ár Slánaitheoir í agus duairt Sé léi éirí agus dul fé dhéin tí torraimh ná raibh i bhfad uaithi agus go bhfaigheadh sí lóistín na hoíche ann go maidean pé scéal é.
D’eirigh sí agus chuaigh sí fé dhéin an tí go bhfeaca sí soilse ar lasadh agus ligeadh isteach í. Ní túisce a bhí sí istigh ná a tugadh a dóthain bídh di. Ansan dúradh léi na hárthaí a ní agus do dhein agus ba mhaith chuige í. D’iarr an fear uirthi fanúint i bhfeighil an tí lá na sochraide agus d’fhan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Tuairín Dubh, Co. Chorcaí