Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timpeall ceithre fichid blian ó shin bhí ’na chónaí i gCarraig an Ime amadán gurbh ainm dó Séamas. Bhíodh áilteoirí garsún ag imirt air nuair a gheibhidís in aon áit phoibli é. Tháinig sagart iasachta chun na paróiste. Bhí sé lá Domhnaigh ag tabhairt aifrinn uaidh i gCarraig an Ime. Do tharla go raibh
Séamas sa phobal. I lár an aifrinn do phrioc buachaill éigin Séamas. Chuir Séamas béic uafásach as. Chrom gach éinne a cheann. I gceann tamaill do phrioc duine eile an t-amadán. Chuir an t-amadán béic eile as, ba threise agus dob aoirde ná an chéad bhéic. D’iompaigh an sagart agus do labhair sé. Thug sé agaidh a bhéil ar an bpobal go fíochmhar agus go feargach. Do chas sé leo an peaca a bhí acu á dhéanamh le gan iad féin d’iompar istigh i dtigh Dé agus an t-aifreann ar siúl. Nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Fhearghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Oileán Eidhneach Thiar, Co. Chorcaí