Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Máire Ní Liatháin, Goirtín Fliuch. Aois – Dhá bhliain déag
21-3-38
Béaloideas – Scéal
Bhí sagart ann fadó agus d’iompaigh sé ina Shasanach. Bhí deartháir aige agus nuair d’airigh sé an méid sin do bhris a chroí agus do fuair sé bás. Beagán aimsire tar éis bháis do, tháinig sé thar n-ais chun an tsagairt agus do dhein sé cúpla véarsa do agus seo mar a labhair sé:-
1
A Dhiarmuid is dubhach liom mar dhiúltaís dod chóta
Agus na húdair róléannta do thréigis go deo iad,
[Le] géilleadh do Luther do chuiris smúit ar do shlóitibh.
Caith dhíot an uaisleacht agus tigeadh gruaim ar do phearsain,
Cuir ort do bhrat ruainneach ód ghuaillibh go talamh,
Mar osclóidh na huaigheanna agus éireoidh na marbh
Agus ansan beidh Diarmuid ’s a ghúna go túirseach fí mhairg.
11
Moladh le Muire mar dheineas an Aoine,
Mar bheadh mo chuid feola ’na spóla chíordhubh
Agus bheadh mo chuid fola ’na sruthaibh im thimpeall.
“Ó ’Mhuire Bheannaithe!” screadaim óm chroí ort,
Nuair ghabhasa suas an boithrín caol úd
Bhí an dhá mhaistín ar mo dhá thaobhsa,
Do bhí a súile ar lasadh mar bheadh coinneal ar thaobh chnoic
Agus a mbéalaibh ar leathadh chun mé ’alpadh in éineacht.- Bailitheoir
- Máire Ní Liatháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Goirtín Fliuch, Co. Chorcaí