Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Máire Ní Liatháin, Goirtín Fliuch. Aois - Trí bliana déag
9-9-’38
Béaloideas – Scéal
Bhí fear ann fadó gurb ainm do Dónall Ó Murchú. Do bhíodh sé ag tuilleamh a pháigh ós na feirmeoirí. Duine ana-bhocht, scanraithe dob ea é. D’iarr fear punt ar cairde air ar feadh tamaill agus do fuair.
Lá dá raibh Dónall ag baint phrátaí ag Diarmaid Ó Laoire, Doire na Buairce, do ghaibh an fear chuige ar maidin agus é ag baint na bprátaí agus do thug sé do sabharn. “Airiú,” ar seisean “níl aon phóca agam a choimeádfadh é.” Do rug sé ar phráta agus do rop sé isteach tríd é agus do chuir sé in airde ar an gclaí é.
Amach sa lá bhí sé ag barra na páirce. Do tháinig na préacháin isteach sa pháirc agus do thóg ceann acu leis an práta go raibh an sabharn istigh ann. Do scanraigh an fear agus do liúigh sé agus níor stop an préachán go dtí gur tháinig sé anuas go dtí an Choill Mhór agus b’é toil Dé é go raibh an sabharn [fós] istigh sa phráta.- Bailitheoir
- Máire Ní Liatháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Goirtín Fliuch, Co. Chorcaí