Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Peigí P Ní Loingsigh, Curraithe. Aois – Trí bliana déag
11-3-’38
Béaloideas – Scéal
D’fhan fear ag ól i dtigh tábhairne tráthnóna go dtí gur caitheadh amach é ar a deich a’ chlog istoíche. Tar éis teacht amach duairt sé leis féin go mbeadh gal tobac aige. Thóg sé píopa amach as a phóca agus pé útamáil a bhí aige do thit rud éigin uaidh. Do las sé lasán, agus lasán, agus lasán eile, agus bhí sé ag cuardach ar a dhícheall.
Níorbh fhada gur bhailigh slua timpeall air, gach éinne ag faire an bhfeicfeadh sé píosa airgid nó rud éigin luachmhar ar an dtalamh. Nuair a bhí gach lasán dóite aige d’iarr sé lasán ar na daoine a bhí bailithe timpeall air. Fuair sé iad agus nuair ná raibh a thuilleadh le fáil duairt sé:- “Is dócha ná faighead go deo é.” “Cad a chaillis?” arsa duine des na daoine a bhí timpeall air. “Chailleas lasán,” arsa an t-amadán.- Bailitheoir
- Peigí P. Ní Loinsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Na Curraithe, Co. Chorcaí