Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí sa domhan toir uair go raibh seanghalar air agus níor fhéad liaigh ná luibh aon leigheas a dhéanamh do. Fé dheireadh glaodh ar na hard-dhochtúirí chuige agus bé a dheineadar súd amach ná gur ae-ghalar a bhí air agus gurab é a leigheasfadh é sin mar ghalar ná máilín an domlais a bhaint as ae gharsúin seanachríonna agus é a chur isteach in inead a chinn féin air.
Cuireadh gairm scoile amach ar lorg gharsúin dá leithéid agus fé cheann aimsire d’aimsíodh mac aodhaire a bhí oiriúnach don ghnó ar gach saghas cuma.
Thug an rí ordú uaidh ansan go gcaithfeadh athair agus máthair an gharsúin teacht ina láthair. Do thánadar, agus mheall an rí an mac uathu le tabharthaistí móra troma. Do léigh breitheamh an rí barántas á rá gur cheart agus gur chóir mac an aodhaire a chur chun báis chun go ndéanfadh sé a shláinte do chasadh ar an rí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peigí Ní Sheitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cathair na Cáithe, Co. Chorcaí