Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín ann fadó agus bhí sí bodhar 'as balbh. Do thagadh an Sagart chun an tíghe chúiche chun a faoistine d'éisteacht i gcómhnuidhe. Is amhlaidh a sgríobhfadh sí síos ar phaipéirín beag pé rud a bheadh le h-innsint aice don sagart.
Nuair a bhíodh an paipéir léighte aige caithfeadh sé é dhógad sa teine. Dá ndeineadh sé dearmhad ar an bpáipéirín a dhógad ní dheanfadh sé an gnó do aoinne eile é dhógad nuair a bheadh sé imthighthe.
Bhí leabharlann i dtigh an chailín agus i seomra na leabharlainne iseadh a éisteacht an sagart a faoistin. Uair amháin dá raibh an paipéir léigthe aige bhuail sé fé cheann de's na leabharaibh ar seilph é, ach bhí sé chun é dhóghadh sar a n-imtheochadh sé abhaile.
Do chuaidh sé abhaile agus dhearmhadh sé mar gheall ar an bpáipéir agus ní raibh fhios ag aoinne go raibh sé ann. Fuair an sagart bás agus d'fhan an seana pháipear san áit 'nár fhág sé é.
Bhíodh muintir an chailín sa t-seómra ist oidhche agus tar-éis bháis an t-sagairt chídhfidís duine éigin ag teacht ann gach aon oidhche agus caitheadar imtheacht ón seomra le sgannradh mar thuigeadar narbh aon duine nádhurtha a chídfidís.
Bhí buachaill go raibh gaol aige le muintir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peigí D. Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Ladhar na Gaoithe, Co. Chorcaí