Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gobnait Ní Chróinín, Carraig na Damhra. Aois – Dhá bhliain déag
7-6-’38
Béaloideas – Scéal
Tháinig Sasanach uair go tigh ósta sa Spáinn. Tharla a lán daoine eile sa tigh an uair chéanna agus ní raibh aon tseomra folamh le fáil. B’éigean don Sasanach dul in aon tseomra le fear gorm a bhí ar ósta sa tigh. Sara ndeaghaidh sé a chodladh duairt sé le giolla na mbróg glaoch air ar maidin ar a sé a chlog. Cleasaí de Spáinneach óg a bhí sa tigh, tháinig sé istoíche agus do dhubhaigh sé aghaidh an tSasanaigh le sú an tsimné. Do ghlaoigh sé ar maidin ar an Sasanach. D’eirigh sé agus do chrom sé ar a chuid éadaigh a chur uime. Ansan d’fhéach sé sa scáthán agus do chonaic sé an aghaidh dhubh. “Dia lem anam,” ar seisean, “nách é an giolla san an pleidhce amadáin. Ná duart leis glaoch ormsa, agus féach gur ar an bhfear gorm a ghlaoigh sé.” Leis sin do bhain sé a chuid éadaigh de arís. Do léim sé isteach sa leabaidh agus níorbh fhada gur thit a chodladh air.
An rud a scríobhann an púca léann sé féin é.- Bailitheoir
- Gobnait Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Carraig na Damhaire, Co. Chorcaí