Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Teampall Bhaile Mhúirne. Bhí Naomh Gobnait i m-Baile-Mhúirne fadó agus do thosnuigh sí ar Theampall a dheanamh ann. Tháinig na Sasanaigh ag triall uirthi agus dubhradhar léi an áit a fhágaint mar gur oir an áit dóibh féin chun Teampall a dhéanamh ann.
Chaith sí an áit a fhágaint uatha agus thosnuigheadar san ag deanamh Teampaill. Fé cheann bheagán aimsire an méid a dheinidís gach lá bhíodh sé leaguighthe ar maidin rómpa.
Do thagadh Gobnait thall ar an Seana-Chluain ar aghaidh an Teampaill amach agus chaitheadh sí bolla mór iarainn agus do leagadh sí a ndeinidis gach lá.
Chaitheadar an áit fhágaint fé cheann suím aimsire. Thosnuigh Gobnait ar obair arís ann ansan.
Bhí capall bán aici agus do chuaidh na Sasanaigh i g-cómhairle chun an capall a ghuid uaithí.
Do fuaradar gaidaí chun é dheanamh. Tháinig sé oidhche agus ghuid sé an capall.
Do fuaireadh é ar maidin ag marcuidheacht ar an gcapall is é ag gabháil tímcheall an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Liatháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Goirtín Fliuch, Co. Chorcaí