School: Cill Choinnigh (roll number 13563)
- Location:
- Kilkenny, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Choinnigh
- XML Page 279
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí bean ina comhnuidhe i Leitir agus ní rabh aici ach í féin.”
Bhí rin ann agus is fada ó bhí. Bhí bean ina comhnuidhe i Leitir agus ní rabh aice ach í féin.
Nuair a posadh í ní raibh sí ach cúig bliadhna déag agus ní raibh teaglach ar bith aice.
Fuair a fear bás agus fagadh eire léithe féin. Le sgéal fada a dhéanamh goirid agus sgéal goirid a dhéanamh nios fearr. Lá amhain bhí sí ina suidhe ag an teinidh agus í ag meabhrughadh agus ag smaoitughadh ar an t-am a chuaidh thart. Bhí an doras druidte agus an teach dorca. Le preabadh do fosgladh an doras agus thainig fear mór dubh isteach. Bheannuigh sé díte sul a bhfuair sí fáill fáilte a chuir roimhe agus bhí sí ina shuidhe ins an chlúdaigh ar an bhomaite. Dubhairt sé léithe, a bhean a’ toighe tá mé chomhair a bhéith caithte leis an ocras agus ba mhaith a fhághail leis(continues on next page)