School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 249

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 249

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 249
  3. XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    balla láidir, acht tá cuma orra go bhfuil siad a bhfad níos úire ná ballóg a bhéadh toghtha i n-am Naoimh Fhionáin. Acht insan áit ar sgor ar bith a tógadh eaglais le linn Naoimh Fionáin. Tá an eaglais Caitilicigh ar an ceathramha ceanainn, comhgarach do'n Fhálcarrach ainmnighthe i ndiaidh Naoimh Fionáin. Tá gach píosa cunntais fán Naomh atá le fághauil curtha síos roimhe ré.
    Níl míorbhailte ar bith curtha i leith an Naomh acht an ceann a rinneadh nuair a bhuail Colmcille an charraig leh-aghaidh uisce a fhágháil do Naomh Fionán. le n-a thart a mhúchadh am amháin. Cinnte go leór, cuirtear go leór miobhailtí síos dó san am i láthair i ngnaithe léigheasanna do gach saghas tinnis - ón déideadh go d-tí an aillse; at. plan na g-cnámh, laige, beag-a'mhaith, plúchadh, baill an chuirp. Ghabhtear léigheas do'n iomlán ag Eas Fionáin.
    Níl iomrádh ar bith ar an áit cuireadh Naomh Fionán, agus níor baisteadh aon áit sa cheanntar ón Naomh, acht amháin teach a' phobail, teach an t-sagart agus teach mhaighistir na scoile - ar tugadh Árd Fionáin air. Níl tobar beannuighthe ar bith luaidhte i nidiadh an Naoimh, ach is iomráidhteach an teampall a bhfuil a ainm luaidhte leis. Níl paidir ar bith le fághail ó na sean daoinibh a bhaineas leis an Naomh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Age
    48
    Occupation
    Múinteoir