School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa mbliadhain 1634 tháinic Wentworth go Port Omna. Eachtrannach é seo a chuir Rí Shasana anall in-aon turas le airgead a bhaint de mhuinntir na hÉireann ar ais nó ar éigin agus an t-airgead sin a chur anonn chuige féin. Nuair a tháinig an t-eachtrannach go Port Omna bhí sé beartuighthe aige an talamh ar fad a bhaint de na Connachtaigh fré chéile agus é a dhíol le lucht airgid Shasana. Ní raibh aon bhealach aige leis an mbeart sin a chur chun críche acht na dintiúirí a sgrúdúghadh ag féachaint an raibh siad de réir an dlighe agus an té nach raibh a chuid dintiúirí de réir an dlighe chaillfeadh sé a chuid talmhan.
Acht bhí dintiúirí eile ann, dintiúirí a raibh an leagan ceart dlighe ortha acht nach raibh cláruighthe imB'L' Átha Cliath agus ní raibh ao[n] aithneachtáil ag lucht dlighe ortha seo acht oirea[d](continues on next page)