School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Location:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó Reachtabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí trí mhadadh ar bhruach an locha lá. Bhí siad deallruighthe leis an ocras. Siad na trí mhada a bhí ann, ná an mada allaidh, an mada uisge, agus an mada ruadh. Bhí siad in a suidhe annsin go ceann tamaill ag faire go mbéadh iasg ar fághail aca. Níor fhéad siad aon iasg d’fhághail. Annsin bhuail plan ar an mada ruadh agus dubhairt sé na trí drioball a chur san uisge. Annsin chuir siad na trí driobal san uisge. I gceann tamaill thóg an mada ruadh a driobal as an uisge agus chraith sé a driobal. Annsin chuir sé síos aríst é agus dubhairt sé le na madaidh eile gan a dhriobal a chorrú go mbhainfeadh an t-iasg greim astab. Annsin thóg sé aníos aríst a dhriobal agus dubairt sé an rud chéadhna aríst leobh. Annsin chuir sé síos aríst ann é. I gceann tamaill thóg sé aníos aríst as agus shuidh sé ar bhruach an locha. D’fhan an dá mhada san uisge gur tháinig(continues on next page)
- Informant
- Máirtín Ó Ruaidhín
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coill Uachtair, Co. Galway