School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Location:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó Reachtabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Page 196
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cupóg sráide. Baineann sí an bhrigh as an tal. Dá gcuirtí seacht mbliadhna i bpoll an chlaidhe í d’fhásfadh sí in a dhiaidh sin, dhá gcaithtí[-gcaithte-] sa gcriafóig í, agus da gcaithtí sios ins an bpoll is doimhne sa bhfairrge beadh sí ag fás go gcuirfeadh sí cloigeann in uachtar. Tá leigheas as le h-aghaidh dóghadh neanntóg.
Bráiste. Tá síol an bhráiste in-don seacht mbliadhna a sheasadh sa talamh. Nuair a bhrisfea[s] an talamh ath-uair fásfaidh sé chomh maith le ariamh. Mar a dtairrneoir as é ní fhágfaidh s[é] maith na maoin leis an mbárr mar dóghann sí agus sgallann sé an bárr.
Cúralán. Ní dhéanann sé aon dochar do’n talamh. Acht tá sé go deas le n-ithe dá n-eireo[ch]a leath [.i. *“leat” .i. *“dá n-éireodh leat”] é a fhágháil ní bhíonn sí acht i gcorr áit.
Neanntóg dhearg. An-droch luib an neanntóg dhearg, fásann sí an tiugh agus cuireann sé an bárr in dhiaidh a chúil.
Léite. Luibh a fhásas ar thalamh bocht uisgeamhail agus chuirfeadh sé na caoirigh chun báis a d’íosfadh é.
Gáirleóg. Is grándha an luibh é an gháirleóg a bheith i gcimín in áit a mbead beithidhigh bainne mar cuirinn sí droch bhlas ar an mbainne agus ar an im agus ní féidir a ól ná im(continues on next page)