School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Location:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó Reachtabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an méid plúir a thiocfadh abhaile dhá chloich agus leath chloch “Christmas box”. Cheannochadh siad dhá phunt corainge agus punt rísíni, agus geobhfadh siad leath phunt isteach. Ceannochadh siad ceithre punt de mhuicfheoil Ameirceá, agus cloigeann caorach, na scámhóga, agus na h-aebha. Bhácáilthí cloch de’n phlúir le h-aghaidh Nodlag Mhór agus cloc eile le h-aghaidh Nodlag Bheagh agus bheadh leath-chloch le h-aghaidh Lá Chinn. Bhruicheadh siad dhá phunt de’n fheoil le h-aghaidh Nodlag Mhór agus dhá phunt le h-aghaidh Nodlag Bheag. Bhiodh an cloigeann caorach na h-aebha agus na sgamhóga le h-aghaidh Lá Chinn. Ceannochadh siad pionnta fuisge ar chúig pinghne déag ins an teach a b’fhearr a bhí i nGaillimh san am sin a dtughadís tigh “Katty Fiddle”. Chuireadh siad pionta uisge thríd an fuisge. D’ólfadh siad a leath(continues on next page)
- Informant
- Seán Beaglach
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coill Uachtair, Co. Galway