School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Location:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó Reachtabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Page 226
- XML “Báire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- BáireCeapadh báire ar fhear agus bean le h-aghaidh an Domhnach dár gcionn. Dhéanadh an bhean óg féasta mór ag teach a h-athair agus aon bhean déag aici mar chomhluadar, gléasta le ribíní. Thiocfadh fear óg agus aon fhear déag aige, d'íosfhaidís agus d'olfhaidís a sáith. Rachadh siad amach ag bualadh báire agus craobh-báire ag an lánamhan óg. Bhaileochadh Paráisde ag bualadh báire, báire gualanna, bfhéidir go bhfeictheá fiche duine leagtha sa talamh in éinfheacht. Bhuailfhidís báire go mbeadh siad tuirseach. Bhíodh píobaire i láthair agus ghreadadh barraile pórtair ann. Rachadh an lánamhan óg amach ag damhsa i lár na páirce agus ceithre duine fichead i gcuideachtain, gléasta le ribíní agus gan aon duine eile in a measc.(continues on next page)
- Informant
- Peaits Ó Fathaigh
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Dúlaigh, Co. Galway