School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Location:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó Reachtabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí easóg agus luch mhór ag troid lá amháin. Bhí siad ag troid ann-sin go dtáinic fear, thosuigh an fear ag breathnú orra agus chonnaic sé go raibh an [-easóg-] luch mhór ag gnothachtáil. Shíl sé cuidiú leis an easóig. Chuaidh sé taobh thiar do’n luch agus shíl sé cic a thabhairt dhó, acht rug an luch ar a [-mhéar-] mhéir agus ghortuigh sé é. Annsin stop an troid agus chuaidh an fear abhaile. Bliadhain ’n-a dhiaidh sin d’eirigh an mhéar an-tinn. Bhí an fear ag dul ag dochtúirí acht níor fhéad siad aon mhaith a déanamh dhó. Bhí sé in-a shuidhe lá amháin ar an teallach agus a chois sínte amach uaidh. Tháinic an easóig isteach agus billeóg in-a béul aicí. D’fhág sí an bhilleóg ar an [-mhéar-] mhéir thinn agus tháinic biseach air.
- Informant
- Micheál Ó Catháin
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway