School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh

Location:
Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
Teacher:
Míchéal Ó Reachtabhra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 172

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 172

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
  2. XML Page 172
  3. XML “Seanscoil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sean-scoil ag cros bhóthair Baile an Dubhlaoich fadó. Sé an sórt leabhar a bhí acu na cártaí Béala ar an bhalla. Plancanna a bhí acu le suidhe orra. Bhíodh maide beag tart ar na muinéala. Chuireadh an Máighistir marc ar an maide gach oidhche agus nuair a thiocfadh siad ar maidin deireadh an Máighistir go mbíodh siad ag cainnt Gaedhilge agus annsin bhualadh sé iad. Nuair a thiocfadh siad ar scoil chuile Dia Luain, d’fiafhrochadh an Máighistir an mbeadh aon phighin acu, agus an duine a bheadh an phighinn aige i dtús ní bhuailfeadh an Máighistir é go ceann seachtmhaine. An t-ainm a bhí ar an Máighistir Seán Ó Dubhgáin.
    Tá cros-bhóthair Bhaile an Dubhlaoich trí mhíle ó Ghaillimh ar bhóthar Átha Cinn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí h-Ógáin
    Gender
    Female
    Age
    80
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Baile an Dúlaigh, Co. Galway