School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)

Location:
Cullenagh Upper, Co. Kerry
Teacher:
Bríd, Bean Uí Chochláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 294

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 294

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuileannach (C.)
  2. XML Page 294
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an mbaile Drom-Locháin agus taobh istig fallaí Baile an Teampaill tá seana caisleán. Caisleán a Churrig tugtar air. Nuair a bhrath tigearna an caisleáin go raibh airim ag teacht cun an caisleán a thógaint uaidh, dubhairt sé le cuidh des na fir a bí aige poll a dheanamh tríd úrla an caisleáin go bhfeadfadh sé bosca óir a chur ann. Deineadh é. Cuir síad an bosca síos agus chuireadar clé agus cloca anuas air. Le na linn an chatha leagadh an caisleán, acht tá fallaí in a seasamh fós. Timhcheall le céad bhliadhna 'na dhiaidh chuaidh seisear fear oidhche ar a dó déag a chlog ag romhar le ráine feachaint an bhfaighidís an t-ór. Nuair thosnuigheadar tháinig tarbh buille ortha agus éin mmóra mar fhiolair ag scréacáil acht níór stopadar. Nuair bhuail fear aca bosca metal le a ráín, tháinig coca mór d'féar anuas tríd an caislean ortha, agus nuair a bhí se cun tuitim ortha go léir ritheadar agus is dóig liom nár chuaidh aoinne cun an ór dfághail ó'n lá san go dtí an lá indiu.
    Eibhlín Ní Laoghaire
    Ceathrú na h-Abhann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Laoghaire
    Gender
    Female
    Address
    Carhoonahone, Co. Kerry
    Informant
    Seamus Ó Cobhthaigh
    Gender
    Male
    Address
    Carhoonahone, Co. Kerry