School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)
- Location:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuileannach (C.)
- XML Page 379
- XML “Arán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is mór an difireacht atá ar an saoghal anois i gcómpóradh leis an saoghal a bhí ann fadó. Ní raibh aon nídh ag na daoine fadó mar atá acha anois. Ní raibh aon plúr atá le díol ins na siopaí anois acha fadó. Bhí plúr déanta de cruithneacht acha. Ní mheilidís an cruithneacht san in aon-cor, ach bhí áit áirithe acha ar bharr chnuich mhóír. Bhí dhá chloich acha, agus buailidís an grainne i gcoinnibh na gcloch san. "Bróíne" a tugtaí mar ainm ortha, agus níl aon cheann acha ann anois. Bhíód arán déanta de "mín bhuidhe" acha leis, agus "arán buidhe" a tugtaí amr ainm ar an arán san. Deintí "stampí" de prátaí leis. Deineann chuid des' na daoine anois é. Bácailtí an t-arán i greidill. Bhí sé mar nós ag na seana daoine fadó císte mór do déanamh i gcómhair gach féíle, agus deintí pan-cóga i gcómhair "Máirt na h-Inide" agus tá sé nós ag muinntear na h-Éireann fós. Ní deineann muinntir an lae indiu aon arán mar seo. Ní deintear árán de "mhín bhuidhe" ach leis an bplúr a ceannuigthear ins an siopa, agus sé an fáth go bhfuilid ag(continues on next page)
- Collector
- Síle Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Address
- Carhoonahone, Co. Kerry