School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)

Location:
Cullenagh Upper, Co. Kerry
Teacher:
Bríd, Bean Uí Chochláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 357

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 357

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuileannach (C.)
  2. XML Page 357
  3. XML “An Gabha agus an Cheárta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá ceithre céardchain san paróiste seo. Tá siad suidhte I Lios-a-Phúca, i gCúleanaig, i Chúl Gobhnait agus i gCill-Locháin.
    Tá an ceardcha i Chill-Locháin in aice le h-abhainn na Gheadhaighe. Ceann tuighe atá ar chuid acha , agus iarann ar an gcuid eile acha. Builg mór atá i ngach céardchain. Cuireann na gaibhne cruidhte fé chapaill agus asail. Deineann siad píchí, sluaisde, tuaghanna agus ráimhíní do dheisiú. Tá cloch mór in aice le h-abhainn na Gheadhaighe, agus poll mór na' lár, agus is ar an gcloich san a cuireann an gabha atá na chómhnuidhe ann buinn ar rothaibh . Bhí a lán gaibhne san áit seo fadó. Siad na h-ainmneacha a bhí ortha na:- Tadhg Gabha agus Tomhás Gabha a bhí na gComhnuidhe i Drom-Locháin. Diarmuid Ó Dúghbhaill a bhí na chómhnuidhe i gCúleanaigh. Fadó deintí casúir as na blúirí dearga d'imtheóchadh de'n inneóin. Déineadh na gaibhne fadó an inneóin agus an builg as píosa iarrain. Bíonn alán úirlisí ag an ngabhainn, chuir i gcás builg, inneóin, tuagh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. smithing (~2,389)
    Language
    Irish
    Collector
    Síle Ní Chonchubhair
    Gender
    Female
    Informant
    Séamus Ó Conchubhair
    Gender
    Male
    Address
    Carhoonahone, Co. Kerry