School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)

Location:
Cullenagh Upper, Co. Kerry
Teacher:
Bríd, Bean Uí Chochláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 369

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 369

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuileannach (C.)
  2. XML Page 369
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”
  4. XML “Scéal i dtaobh Chapaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá ba, caoire, gamhna, agus capaill againn sa bhaile. Tá sé ba óga againn, agus dhá bhuin aosta againn. "Rós" ags "Cúibí" a tugtar mar ainm ar na búaibh aosta sin. Sé an rud a dheireann fear nuair a bhíonn na ba á thíomáint aige:- "Habha amach" agus " hí bó".
    "Cró na mbó" a tugtar mar ainm ar tigh na mbó. Tuighe nó atthinn a chuirtear mar easair fé na búaib. Le Slabhraidí a cheangluightear na ba. Bíonn na slabhraidí déanta d'iarrainn.
    Fadó choiméadtaí gabar leis na béidhithig cun go mbheadh rath ortha. Deineann chuid des' na daoine anois é. Nuair a ghlaodtar ar na cearcaibh deirtear "tioch, tioch",. Nuair a ghlaodtar ar na lachain deirtear:- "Fíadhain", Fíadhain".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish
    Collector
    Síle Ní Chonchubhair
    Gender
    Female
    Informant
    Séamus Ó Conchubhair
    Gender
    Male
    Address
    Carhoonahone, Co. Kerry
  2. Fuair sean bhean bás uair amháin. Tar éis bháis dí, nuair a bhíodar a cur isteach san comhra, mór thógadar a fáinne as a mear. Bhí capall mór láidir acha, agus cúpla oidhcheannta in-dhiaid san do thosnuigh sé ag rith mór-thímhceall na páirce chun go raibh fáinne mór déanta san bpáirch aige. Do chuireadar isteach sa stábhla é, agus bhris sé an doras. Do chuaidh sé amhach agus do thosnuigh sé ag rith arís. Fé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.