Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Máire Ní Chríodáin, Drom an Ailtig. Aois – Trí bliana déag
21-1-’38
Béaloideas – Scéal
Do bhí siúinéir ag obair i séipéal fadó agus bhí sé ar lóistín i dtigh feirmeora.
Nuair a eirigh sé maidean lae Bealtaine bhí bean a’ tí ag déanamh na cuiginne.
Tar éis tamaill tháinig buachaill isteach agus chuir sé sméaróid ’na phíopa agus amach an doras leis. Do bhí ag teip ar an mnaoi an chuigeann a dhéanamh agus duairt an siúinéir léi go dtabharfadh sé féin cúnamh di ach duairt sí sin leis nárbh aon chabhair do é mar gur thóg an buachaill an sméaróid as an dtine.
Do tháinig trua ag an siúinéir di agus amach an doras leis agus fé dhéin na páirce ’na raibh an buachaill ag obair. Ghlaoigh sé chuige é agus d’iarr sé an píopa air. Fuair sé é agus tháinig sé thar n-ais go dtí an tigh leis agus d’iompaigh sé a raibh ann isteach sa tine; agus níor dheineadar ach casadh amháin a thabhairt don mheidir nuair a deineadh an chuigeann.- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Drom an Ailigh, Co. Chorcaí