Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do thiomáineadar leo isteach sa choill. Chonacadar crann breá go bhféadfaidís codladh ann. Duaradar go mb’fhéidir go bhfliuchfadh an oíche agus go raibh sé chomh maith acu an doras a chur os a gcionn.
Do chuadar suas agus an doras acu agus bhíodar ullamh i gcomhair na hoíche nuair a tháinig isteach sa choill triúr fear.
Do thánadar go bun an chrainn agus do lasadar tine agus do bhíodar ag beiriú feola agus rudaí eile don suipéar, ach duaradar an fhaid a bheadh an fheoil ag beiriú go gcomhaireoidís an t-airgead a bhí goidithe acu.
Bhí an deatach ag dul suas go dtí Caitlín agus bhí sí cráite agus bhí sí ag léimrigh anonn is anall go dtí gur leag sí an doras. Nuair a airigh na fir an fothrom go léir thuas ar an gcrann do ghlac scanradh iad agus do ritheadar.
Do tháinig Caitlín agus Dónall anuas as an gcrann ansan agus d’itheadar a ndóthain agus do thógadar an t-airgead agus chuadar abhaile agus do mhaireadar go suairc as san amach.- Bailitheoir
- Máire Ní Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Tuairín Dubh, Co. Chorcaí