Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chomhair amach agus d’fhiafraigh sé d’fhear a’ tí mar seo:- “Ambasa ní fiafheoil í seo?” ar seisean, mar bhí sé fé gheasaibh gan an saghas san feola d’ithe, agus duairt:- “Ó ní hea,” ar seisean go mall, mar níor mhaith leis gan béile blasta a bheith ag an ngarsún i gcomhair an bhóthair.
D’ith an garsún an fheoil go sásta agus d’imigh chun bóthair arís, agus bhí sé ag cur de riamh is choíche go dtí gur bhain sé tigh a uncail amach i ndeireadh na seachtaine.
D’fhan an buachaill i dtigh a uncail ar feadh trí bliana agus ansan do ghluais air abhaile arís. Ag teacht do, thug sé cuaird eile ar an duine muinteartha i gcomhair lóistín na hoíche, agus bhí céad mile fáilte roimis mar a bhí cheana.
Agus iad ag suí chun béile na maidne lá ar na mháireach d’fhiafraigh an duine muinteartha den bhuachaill an íosfadh sé fiafheoil rósta. “Ó ní íosfainn,” ar seisean, “táim fé gheasaibh le fada gan an saghas san feola d’ithe.” Chrom fear a’ tí ag gáirí fé agus duairt:- “D’ithis anso trí bliana ó shin os mo chomhair í,” ar seisean.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peigí Ní Sheitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cathair na Cáithe, Co. Chorcaí