Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Máire Ní Chríodáin, Oileán Aibhneach. Aois - Dhá bhliain déag
13-7-’38
Béaloideas –Scéal
Timpeall céad bliain ó shin bhí bean sí ’na cónaí timpeall leathmhíle siar ó shráid Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Gach oíche nuair a bhíodh éinne ag gabháil an bhóthair, soir nó siar, do bhíodh sí i gcónaí ag magadh fúthu. Sa deireadh bhí na daoine cráite, ciapaithe aici. Nuair a bhí mo sheanathairse ag gabháil an treo do sheas an sprid amach ar an mbóthar roimis. Duairt mo sheanathair léi druidiúint isteach uaidh ach níor dhein. “Druid isteach uaim,” ar seisean – duairt sé é arís agus arís eile. “Ní déarfad a thuilleadh é ach an uair seo,” ar seisean – “Druid isteach uaim,” arsa sé – agus níor dhein.
“Arc an diabhail bhuí!” arsa Mícheál, “ní bheidh eagla orm romhat,” agus do tharraing sé scian mhór as a phóca, agus do rith sé chun na spride, agus do rop Mícheál í, agus do fuair sí bás. Do chuir sé an scian ar ais ’na phóca agus chuaigh sé abhaile.
Maidean lá arna mháireach do tháinig Mícheál go dtí an áit chéanna. Do bhí an sprid imithe, ach san áit ’na raibh sí bhí cnapóg froganna óga agus a scian sáite ann. As san amach ghlaodar “Casadh na Spride” ar an áit ’nar mhairbh Mícheál Ó Críodáin an sprid.- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Oileán Eidhneach Thiar, Co. Chorcaí