Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Peigí Ní Chéilleachair, Cathair na Catha. Aois - Aon bhliain déag
21-7-’38
Scéal
Do bhí préachán ’na cónaí i gcoill uair agus trí cinn de ghearrcaigh aici. Lá dá raibh sí ag dul amach as an gcoill ag lorg rud le n-ithe bhuail cat fiain léi. “Cá bhfuilir ag dul,” arsa an préachán leis.” “Táim ag dul ag lorg rud éigin le nithe,” ar seisean. “Ná hith mo ghearrcaighse más é do thoil é,” ar sise. “Conas a aithneod iad,” arsa an cat fiain. “Ó, is fuirist iad a aithint,” arsa an préachán –
“is iad na gearrcaigh is deise agus is gile sa choill go léir iad.”
Nuair a tháinig an préachán abhaile fuair sí cleití a cuid gearrcaigh. Do bhí a fhios aici cé a mhairbh iad. Siúd léi go dtí an cat. “Do mharaís mo ghearrcaigh bheaga gheala,” ar sise. “Níor mharaíos-sa ach gearrcaigh dhubha,” ar seisean. “B’iad siúd mo ghearrcaigh bheaga gheala-sa,” arsa an préachán.
Seanfhocal:- Is geal leis an bhfiach dubh a ghearcaigh féin. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Peigí Ní Cheilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Cathair na Cáithe, Co. Chorcaí