Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig fear bocht go tig feirmeora tráthnóna amháin. D'iarr sé lóisdín na h-oidhche agus do fuair. Bhí sé ag obair ag glanadh na cróite agus ag deanamh rudaí mar sin. Nuair tháinig na ba chuaidh sé amach agus ceangail sé isteach iad.
Nuair bhíodar go léir amuigh ag crú na mbó thosnuigh sé ag luasghadh an chlíabháin agus ag amhrán don leanbhh. Sé seo an t-amhrán a bhí ar suibhal aige. "Íosa Críost na bhfeart cá bhfuil an mairt is mó. Tá sí ceangalte i n-aisg thíos i dtóin an chró
Domhnall Ó Fógarnamh dailín Domhnall Ó Fógornamh
dailín
Domhnall Ó Fógarnamh dailín mac an gadaidhe mhóir"
Ar maidin nuair éirigeadar bhí an mairt a bhí i dtóin an chró imtighthe agus an bacach chómh maith. Is ní feacadar aoinne acu ó shin.- Bailitheoir
- Máire Tóibín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Inse an Osaidh, Co. Chorcaí