Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn an feilméar 'na shuidhe go moch gach maidin sa mblian. Bíonn sé ag obair go dian dithcheall ach amuigh faoi spéiribh neimhe i rith an lae. 'Sé an obair a bhíonn's ar siubhal aige ná saothrú na talmhan agus bíonn cúram na mbeithidheach air freisin. Tá sé soiléir ó'n méid sin anois nach mbíonn sé nóimead díomhaoin.
Tá obair an fheirmeóra ana-chruaidh agus tá sé an-thábhachtach freisin. Marach é ní bheadh arán nó fataí an uibheacha nó im ag aon duine. 'Sé bun agus barr na tíre é agus tá muid go léir ag brath air. Bíonn an t-sláinte agus an t-aibhneas ar fheabhas aige agus is beag beann ar an saoghal é mar ní gábhadh dó aon biadh do cheannach acht amháin tae, siúcra, agus mion-rudaí mar sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo