Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 07_014](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0090D%2FCBES_0090D_07%2FCBES_0090D_07_014.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 07_014
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó ní itheadh na daoine ach dó nó trí béile sa lá. Tugtaoi an bricfeásta ar an gcéad béile, an dinnéir i lár an lae agus bheadh an suipéir acu roimh dul a codhladh dóibh. B'éigean dóibh obair a dhéanamh sul a n'ithidís a mbhricfeásta, Fataí agus leite mine bhuidhe agus bainne an biadh a bhíodh acu. Bhíodh tae agus aráin acu uaireannta.
Bheadh an bórd i gcoinnibh an fhalla. Ní ithtí aon fheoil ach aon uair a maruighidís cearc, gé nó lacha. Biodh fir ag dul thart ar fud na mbailte ag díol iasc. Bhiodh fear ar a dtugtaoi "Gadaidhe Dubh Ó Dubhán" gha ndíol. Aon duine a déarfaidhe an rann seo go leór uaireannta gheibheadh sé sgadán ar gach uair a déarfaidís é, ach b'éigean do na daoine pighinn a thabhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Ging
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo