Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg
- XML Leathanach 03_022
- XML “An Lá a B'fhearr a Bhí agam i Rith na Laethanta Saoire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá an-maith agam i dtígh mo shean-mháthar i rith na laethanta saoire. Tá sí 'na comhnuidhe i dtighe ceann-tuighe cois na farraige timcheall dá míle déag ó'n áit seo. Teach compárdach atá ann a bhfuil gairdín deas ós a chómhair amach. Chuaidh mé féin agus mo mháthair lá amháin. Ar an mbus 'seadh chuadhamar ann mar tá sé ró-fhada chun suibhlóide. Sean bhean ceanamhail lághach atá inni. Bhí an-fháilte aici rómhainn ach dubhairt sí go mbíonn-sí beagáinín uaigneach nuair nach raib muid ag teacht ar chuairt chuice acht go h-annamh.D'fhágamar an teach ar a deich a chlog ar maidin agus shroich muid an cros-bhóthair leath-uair in adhaidh sin. Léimeamar isteach san mbus agus as go bráth linn. Bhí an bus lán go droid acht mar sin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo