Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuigeann ag gach duine ar an mbaile seo chun a rian féin de im a sholáthar. Tá an ceann atá againn dhá throigh ar aoirde agus troigh go leith ar leithéid. Tá sá fiche blian ó ceannuigheadh é agus tá sé in úsáid ó shoin.
Déanann muid an maistreadh dhá uair sa seachtmhain sa t-Samhradh agus b'éidir uair amháin sa seachtmain sa nGeimhreadh. Cuidigheann gach duine sa tighe leis an cuigeann a dhéanamh agus tógtar leath-uair nó b'féidir níos lugha chun an maistreadh. Oibrightear an loinithe i bhfuirm ifáinne an fhad is bhíos 'ghá dhéanamh. Nuair a chíthtear píosaí de'n im ar an loinithe tá fhios againn go mbíonn an mhaistreadh críochnuighthe. Tógtar an t-im amach ar mias agus cuirtear an bhláthaigh ins na cácaí. Nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Ging
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo