Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 16_046](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0090D%2FCBES_0090D_16%2FCBES_0090D_16_046.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 16_046
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Ní baineann sé seo leis an beal-oideas)
I rith an gheimhridh bíonn an aimsear go dona agus nach aoibhinn bheith id' shuidhe cois na teineadh. Bíonn na bóithre salach agus na crainn lom. Ta sé i bhfad níos fearr bheith istig cois teineadh ar fhaid is a bhíonn an doineann ann.Téigheann na daoine fásta ar áirneán agus bíonn siad ag imirt cártaí. 'Sé an cluiche is gnáthnaighe a imrigheann siad ná "cuig is fiche." Bíonn na buachaillí óga ag imirt asailín agus an té a mbíonn 'na asal cuirtear an srian air agus bíonn sé 'na asal dáiríribh annsin.Téigheann na mná ar áirneáin freisin agus bíonn siad ag cniotál nó ag cárdáil nó uaireannta bíonn siad ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo