Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg
- XML Leathanach 13_025
- XML “Conas a Chaithfidh mé <span class="exact">Oíche</span> <span class="exact">Shamhna</span>”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Déanfaidh mo mháthair cáca milis agus cuirfidh sí fáinne ins an taos (?) nuair a bhíonn sí á fhuineadh. Nuair a bhéas an tae againn íósfaidh muid an cáca agus an duine a geobhfaidh an fáinne deirtear gurbh é is túisce a pósfhaidh. Fuair mo dhiotháir é anuraidh agus bhíomar go léir ag magadh faoi. Bhí sé chomh darg le fuil mar bhí náire air.Gheobhfaimíd tubán uisce agus cuirfimíd ubhla nó airgead isteach ann agus beidh muid ag tumadh ins an uisce ag breith ortha le n-ár mbéal.Nuair a bhéidh muid tuirseach de'n chluiche sin geobhfaimíd ubhall eile agus ceanglócaimíd de'n t-síleáil é le córda. Ceanglóchaidh mo mháthair ár láma d'ár ndrom is béimid ag iarraidh breith air le n'ár mbéal.Beídh puicín á imirt, leis, annsin. Is amhlaidh a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Luideánn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo