Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 16_056](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0090D%2FCBES_0090D_16%2FCBES_0090D_16_056.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 16_056
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D'fhág Oidhche na Gaoithe Móire a rian ar an mbaile seo acht bhí sé i bhfad nós measa in áiteacha eile. Seo síos cuid de na rudaí a rinne sé:
1) Thóg sé an díon, tuighe agus uile, ó sgioból le Seán Ó Dubhthaigh agus sguab sé é thar portaigh agus móínfhéir gur shroich sé Baile an Tobair atá timcheall cúig míle as seo.
2) Tá teach ar an mbaile seo agus muinntir Breathnach atá in a gcomhnaidhe ann agus tá an díon casta air agus deirtear gur Oidhche na Gaoithe Móíre a rinneadh é sin.
3) Bhí na daoine uilig sgannruighthe an oidhche sin. Shíl siad nach mbéadh siad indon seasamh fé'n spéir arís go bráth. Bhí siad uilig 'na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo