School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)stábla agus na saigdiúrí 'gá choimheád. Chuaidh sé go dtí siopa biotáilte agus cheannaigh sé buidéal mór leis na saighdiúraí a chur i na gcodladh. Tháinic sé go dtí an áit a rabh an beathadhach. Chuaidh sé isteach 'san áit a rabh an tsean chráin na luighe. 'Aca'n bhomaite bhain sé greim as an tsean mhuc agus léig an mhuc grusadhach mór áistí. Dubhairt na saighduírí annsin go rabh rud inteacht ceárn leis an mhuic sin. Chuaidh na saighiúraí amach agus d'amharc siad isteach ar an mhuic agus chonnaic siad an gasúr na luighe leis an mhuc agus shíl siad go rabh sé marbh. Chuaidh siad isteach agus d'amharc siad air.Chonnaic siad lorg uisge beatha thart ar a bhéal agus shíl siad go rabh sé marbh. D'amharc siad i n-a chuid pocaí agus fuair siad buideal mór agus shíl siad gur uisge beatha a bhí ann. Thug siad amach agus d'ól achan dhuine aca braoin beag. Chá rabh siad i bhfád go thuit achan dhuine aca i n-a chodhladh agus nuair a bhí siad i n-a gcodladh d'éirigh an gasúr agus thug sé leis an beathadhach.(continues on next page)
- Collector
- Eilís Nic Pháidín
- Gender
- Female
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
- Informant
- Micheál Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal