School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Location:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó Reachtabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)eagla ort; ach teigh go Muigheó. Tá gabha ann agus teigh chuige agus iarr ar speal a dhéanamh dhuit, a bhainfeadh olann ar bárr tuinne. Iarr ar freisin deich mbior cruaidhe a dhéanamh dhuit. Má fhiafhruigheann sé dhuit cé chur chuige thú abair gurbh í do bhean. Nuair a dhéanfas sé an chéad speal clisfe sé ar.”
Bhí go maith. D’imthigh sé leis. Tháinig sé go dti an gabha. Rinne an gabha an speal dó agus chuir sé faobhar air le allus a mhalaí. Nuair a theisteáil sé é dubhairt sé nach raibh aon mhaith leis. Rinne sé ceann eile agus léim an t-aidhbhirteoir as agus chuaidh sé amach an fhuinneóg. Dubhairt sé go raibh an ceann sin sáthach maith.
Nuair a bhí sin déanta aige agus na bioranna fáighte aige d’fhiafruigh sé dhó ché chuir chuige é. Dubhairt sé leis gurb é a bhean a chuir chuige é. D’fhiafhruigh sé cé’n sórt bean a bhí innte, agus d’innsigh sé dhó. D’fhiafruigh sé dhó cé’n fhaid a bhí sí aige. Dubhairt sé go raibh sí aige seacht mbliadhna agus seacht lá. Annsin dubhairt an gabha, “sin í m’inghean-sa tá sí imthighthe uaim le seacht mbliadhain agus seacht lá.”
Chuaidh sé abhaile agus chuaidh sé ag bainnt an fhéir don chailligh. Chuir an Cailleach amach roimpí féin é mar cheap sí go mbeadh sí indon é a mharbhú ar an gcaoi sin nuair nach mbeadh sé indon a dhul chomh mear leithi féin.
Chuaidh sé amach agus bhí sé ag sáthú beara(continues on next page)- Informant
- Stiophán Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway