School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Location:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó Reachtabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Page 172
- XML “Seanscoil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sean-scoil ag cros bhóthair Baile an Dubhlaoich fadó. Sé an sórt leabhar a bhí acu na cártaí Béala ar an bhalla. Plancanna a bhí acu le suidhe orra. Bhíodh maide beag tart ar na muinéala. Chuireadh an Máighistir marc ar an maide gach oidhche agus nuair a thiocfadh siad ar maidin deireadh an Máighistir go mbíodh siad ag cainnt Gaedhilge agus annsin bhualadh sé iad. Nuair a thiocfadh siad ar scoil chuile Dia Luain, d’fiafhrochadh an Máighistir an mbeadh aon phighin acu, agus an duine a bheadh an phighinn aige i dtús ní bhuailfeadh an Máighistir é go ceann seachtmhaine. An t-ainm a bhí ar an Máighistir Seán Ó Dubhgáin.
Tá cros-bhóthair Bhaile an Dubhlaoich trí mhíle ó Ghaillimh ar bhóthar Átha Cinn.- Informant
- Máire Bean Uí h-Ógáin
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Baile an Dúlaigh, Co. Galway