School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Location:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó Reachtabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí seacht dteach fhichid ann fadó. Níl ann anois acht aon teach fichid. Tá go leor daoine ann fós. Siad na h-ainmneacha atá ar na tighthe. Tá trí teach Casarlaigh ann, dhá theach h-Uigín ann. Tá dhá theach Gloinn ann. Tá dhá theach h-Ógáin ann. Tá ceithre teach Fathaigh ann. Tá teach amháin Feallamhain ann. Tá teach amháin Mac Atha ann agus teach amháin Breathnach ann agus dhá theach Chródha ann. Tá loch mór ann. Talamh an-mhaith atá ann. Níl choill ann ná droch-thalamh.
Tá mise i mo chómhnuidhe i gCoill-Uachtair agus i bParáiste Caisleán Gearr. Sé an chiall atá le Coill Uachtair. Bí cnoc mór ann agus bhí go leor crann ag fás ann. Tá teach is fiche i gCoill-Uachtair. Tá dhá theach ceann slinne agus naoí déag de thighthe ceann tuighe ann.
An t-ainm atá ar mo bhaile féin Corrach Mór. An t-ainm atá ar an Paráiste Baile an Chlár. An t-ainm atá ar an gConndae, Conndae na Gaillimhe. Tá go leór daoine ag cómhnuidhe thart ar an áit seo. Tá cúpla sean-duine ann freisin. An t-ainm atá orra. Micheál Ó h-Uigín, tá sé thart ar cheithre sgór. Tá sean-mháthair i dtígh h-Ógáin agus tá sí an-sean freisin. Tá go leór Gaedhilge acú. Tá sean-amhráin acu agus rudaí eile.- Informant
- Stiophán Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway