School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Location:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó Reachtabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Page 231
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an t-am seo.
Nuair a bhí sí imthighthe aríst, tháinic an t-athair 's an mac. Dubhairt an t-athair, "nach maith nach dtainic na fir sin indiú, caithfeamuid iarraidh ar bheirt eile amáireach."
Nuair a tháinic an sean-fhuiseóg abhaile d'innis siad a sgéal di. Dubhairt sí, "tá go maith, níl aon bhaobhal orrain fós".
D'imthigh sí aríst an lá ina dhiadh sin agus dubhairt sí leo cluais níós fearr ná sin a bheith orra.
Nuair a bhí sí imthighthe thainic an t-athair 's an mac aríst. Dubhairt an t-athair, "nach maith nach dtáinic ana fir sin indiú, caithfe an bheirt againn féin dul amáireach agus é a bhainnt.
Nuair a thainic an sean-fhuiseóg abhaile d'innis siad di céard a thárla. Annsin dubhairt sí, "más mar sin é caithfe muid bheith ag imtheacht", agus d'imthigh siad. Bhí fhios ag an sean-fhuiseóg nach raibh aon maith dóibh bheith ag brath ar na comharsana.- Informant
- Maoilre Mac an Chródha
- Gender
- Male
- Age
- 28
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Dúlaigh, Co. Galway