School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh

Location:
Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
Teacher:
Míchéal Ó Reachtabhra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 234

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 234

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
  2. XML Page 234
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé léithe. Chuartuigh sí thart agus fuair sí an mhin. "Tá a[n] mhin agam anois" adeir sí leis "acht níl uisge na bainne aga[m] a dhéanfadh é." Féach an bfuighthea sgian mhaith dhomhsa" adeir sé léithe fuair sí an sgian dhó. Fuair sé bowl agus chuaidh sé siar sa seomra ag leaba a raibh an dá bhuachaill óg in a gcodladh ainnti. Ní raibh ag fear an tighe acht iad, ghearr sé piobáin an dá bhuachaill óg, líon sé an bowl le na gcuid fola. Agus níor leig sé deor dó a bhfásta. "Déa[n] an cáca leis an bhfuil agus cuir chuile dheoir do ann". Rinne sí an cháca leis an bhfuil agus bhruith sí é. Níor airigh aon nduine iad ar a bhfad sin. Thug sé piosa do'n cháca duithe fhéin agus dubhairt sé léithe é a ithe. Dubhairt sí leis go gcaithfeadh sí a dhul amach ar an tsráid. Chuaid sí amach agus sháith sí an phíosa cháca suas i mbuntsop an tighe, thainic sí isteach agus bhí an cáca ithte aige roimpí. D'fiafruigh sé duithche ar ith sí an píosa a thug sé duithe, dubhairt sí gur ith. "Tabhair leat anois mé" adeir sé "agus fág san áit chéadhna arist mé." Rug sí ar a ascall annsin agus thug sí leithi amach é. Níor airigh aon duine sa teach iad ag teacht ná ag imtheacht. Nuair a bhí sgathamh de'n bhóthar siubhalta acu, dubhairt sé leithi fanacht in a seasamh. "An bhfeiceann tu an talamh sin istigh? adeir sé leithi, "sin é an talamh a bhí ag mo mhuinntir sa sean-saoghal agus cuir an cuid eile de'n dream sin a raibh muid istigh anois acu as amach mo mhuinntirsa agus chuir siad draoidheacht ormsa agus ní aithneochadh aon mé acht bhí cuimhne agam féin go raibh mé beo. D'iarr
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Beaglach
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Gort an Chalaidh, Co. Galway