School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh

Location:
Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
Teacher:
Míchéal Ó Reachtabhra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 236

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 236

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
  2. XML Page 236
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a bhí dtaisge aici sa mbun tsop agus tug sí istea[ch] é. Chuir sí síos i mbaisín uisge té é agus d'fháis[g] sí an fhuil as amach. Tug sí braon do le n-ól do'n bhei[rt] a bhí marbh, d'eirigh suas chomh maith agus bhí siad aria[mh.] Bhí ionghnadh mór céard a bhí déanta scaip na daoi[ne] agus chuaidh siad abhaile. "Céard a fhéadfa mé a dhéanamh leat ar son an mhaith atá déanta agat? Fear acu a tabhairt dhom le pósadh" adeir sí. "Tiubhr[a] mé dhuit duine ar bith acu" adeir sé. "Tóigfe mé an fear is sine" adeir sí, sé is cóire dhom. Posadh iad annsin, nuair a bhí an pósadh thart chuir sí fios ar a dearbhráthair féin annsin, siubhail sí féin agus a dhearbhatháir [!] agus an fear pósta amach. Chuaidh siad go dtí an áit a raibh na trí potaí óir. Tóig siad iad. Choinnigh sí dhá cheann dóibh fhéin agus ceann do'n dearbhratháir. Bhí a sáith annsin acu fhaid is mair siad. Rinne siad bainis mhór annsin agus cruinniú mór dá réir. Bhí mé fhéin ag an mbainis. Nuair a bhí an bainis thart fuair mé builín a chosain sé pighne agus peire stoca bainne reamhar agus bróga páipéar. Níor mhair na bróga páipéar a bfad agus níor mhair na stocaí bainne reamhar comh fad[a] sin fhéin nuair bhí siad caithte b'eigin dom na bonaca a thabhairt do'n talamh acht bhí mé ag bainnt plaic as an mbuilín go raibh mé sa mbaile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Beaglach
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Gort an Chalaidh, Co. Galway