Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 084

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 084

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 084
  3. XML “Caoineadh Dhiarmada Uí Ullacháin - Sagart Paróiste Uíbh Laoghaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ar lasadh gan ghó ’na chló breá naomhta.
    VI
    Ba naofa a bheatha agus ba bhlasta a bhréithre,
    Ba chaomh, ba chneasta ’na labhairt, ’na mhéin é.
    Ba róbhreá a phearsa ’na sheasamh in éide
    Ar altóir bheannaithe ’cur Aifrinn Dé dhe.
    VII
    A Dhia dhil bheannaithe na bhFlaitheas ó léigis
    Don bhás é ’shladadh uainn, tabhair gradam is réim cheart
    Gan mhoill dá anam sna Flaithis chun plé dhúinn
    Ó fhágais dealbh ar thalamh ’na dhéidh sinn.
    VIII
    ’na dhéidh atáimíd cásmhar, léanmhar,
    Gan chomhairleach breá chun ár gcáis do réiteach,
    Do thugadh cabhair don laige gan ’insint d’éinne,
    ’s dob é ár gcúirt, ár mbreitheamh agus ár gcoiste le chéile é.
    1X
    Le chéile bhí ’na chroí breá, gléigeal
    An fhoidhne fhírcheart, sítheacht ’s féile,
    ’s an uaisleacht tríothu do thuill clú ’s réim do
    I gcúirt, i gcathair ’s gach baile go dtéadh sé.
    X
    Nuair a théadh ’on chathair bhíodh taithneamh ag an gcléir do
    Agus ag a Thiarna Easpaig, do thairg breis réim do,
    Cé gur dhiúltaigh go banúil an tairiscint chéanna
    Mar ba rogha leis mairint ar feadh a bheatha in Uíbh Laoghaire.
    XI
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge