Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 144](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0338%2FCBES_0338_144.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 144
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Béaloideas (ar lean)
“Neithe nár cheart iontaoibh a bheith asta:”
(ar lean ón leathanach roimhe)Cad is lú ná leathphinge? Feoirling.
Cad is lú ná feoirling? Cianóg.
A bhféadfá uisce goirt a thabhairt dom gan salann, gan sáile?
Uisce i bpáirc coirce.
Níor imigh an uiseoigín bearrtha liath,
Níor imigh an ghaoth ná an ghrian,
Níor imigh an tonn ón sáile
Is níor imigh an sáile ón iasc.
Bean a fuair bás:-
Má bhí sí ag dul go flaitheas Dé ní sagart a chuirfeadh ann í.
Má bhí sí ag dul go hifreann ní husa di sagart a fháil in aon bhall ná ann.
Na trí nithe a leanann an chríonnacht:- Saint, clúmh agus ingne.- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Drom an Ailigh, Co. Chorcaí