Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Maighread Ní Chróinín, Carraig na Damhra. Aois - Trí bliana déag
15-7-’38
Béaloideas – Scéal
Do rugadh leanbh i mBéal Átha an Ghaorthaidh fadó. Lá arna mháireach tar éis a bheirthe do rugadh chun na teampaill é chun é a bhaisteadh. Ní raibh an sagart ann chun é dhéanamh. Duairt athair an linbh leis an gcléireach a rá leis an sagart go raibh leanbh sa teampall chun a bhaiste. Do chuaigh an cléireach go tigh a’ tsagairt agus bhí an sagart sa ghairdín agus é ag lé’ an phortúis. “A athair, tá leanbh sa teampall chun a bhaiste,” arsa an cléireach. “Tá go maith,” arsa an sagart, “imigh leat agus beadsa id dhiaidh.” Tháinig an sagart, bhaist sé an leanbh, ghlac sé síntiús airgid agus chuaigh sé thar n-ais abhaile.
Do bhí dithneas ar an gcléireach ag dul amach agus do dhein sé dearmhad ar an leabhar a chur i gcoimeád. Do tháinig garsún isteach agus do strac sé an leabhar. Bhí an leabhar go léir stracaithe aige agus cuntas baistí an linbh imithe.
Seanfhocal:- Dá mbeadh ba ag an ngealt do phósfaí é.- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Carraig na Damhaire, Co. Chorcaí