Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bhfuil leigheas ins na neanntóga i gcóir an bhruitineach ach iad a bhruith agus an sugh a ól. Siad na luibheanna is mó a déanann díoghbháil do'n bfeirm ná cupóga sráide, óin, farrabán, sgoit, raithneach, neanntóga agus feothanán. Usáidthear na cupóga sráide le bídh i gcomhair turcaí agus mucaí. Tá luibheanna eile ann freisin ach ní fhásann síad ach i corr áit. Seo íad a n-ainmeacha: an cluanach, tá sé beagnach cosamhail le giamhar agus fásann sé i dtalamh dubh, Cradach, a fhásann i dtalamh bocht agus an fluch (chicken weed). An búrthlán buidhe , deirtear gur nimh é sin, agus an buacallan fásann an buachallan san féir. Tá sé ráidhte nach ceart an droighneán a bhaint as na préamhacha, go mbíonn sídheog 'na cómhnuidhe faoi agus go leanann sí an duine a bhaineann an crainn.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Ging
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo